32 Chuir siad fearg air ag uiscí Mhiríbeá;agus smachtaigh sé Maois dá dheasca.
33 Óir chuir siad a chroí chun seirbhe,ionas gur labhair sé briathra míchríonna.
34 Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothúde réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.
35 Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha,go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.
36 Thug siad fónamh d'íola na náisiún,gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.
37 Óir d'íobair siad a macra féin,agus a n‑iníonacha féin do na deamhain.
38 Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach,fuil a mac is a n‑iníonacha,a d'íobair siad do íola Chanángur truaillíodh an tír le fuil.