38 Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach,fuil a mac is a n‑iníonacha,a d'íobair siad do íola Chanángur truaillíodh an tír le fuil.
39 Trochlaíodh iad lena n‑oibreacha féin;agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha.
40 Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail;ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.
41 Thug sé faoi smacht na náisiún iad,agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.
42 Rinne a naimhde cos ar bolg orthu,agus fágadh faoi smacht a lámh iad.
43 Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad,ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna,agus leag a n‑urchóid féin ar lár iad.
44 Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh,nuair a chuala sé a nglao.