41 Thug sé faoi smacht na náisiún iad,agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.
42 Rinne a naimhde cos ar bolg orthu,agus fágadh faoi smacht a lámh iad.
43 Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad,ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna,agus leag a n‑urchóid féin ar lár iad.
44 Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh,nuair a chuala sé a nglao.
45 Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh.Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,
46 agus fuair sé trócaire dóibhó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh.
47 Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia;bailigh le chéile sinn as measc na náisiúngo dtugaimis buíochas do d'ainm naofa,is go ndéanaimis do mholadh a chanadh.