5 go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat,go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail;is go ndéana mé mórtas mar aon le d'oidhreacht.
6 Pheacaíomar ar nós ar sinsir;rinneamar an t‑olc agus an t‑éigeart.
7 Níor thug ár n‑aithreacha san Éigiptaon aird ar bith ar d'éachtaí.Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá;thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.
8 Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm,d'fhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh.
9 Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí;agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.
10 Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad;agus scaoil sé iad as greim a naimhde.
11 D'fholaigh an tuile a gcéilí comhraic;níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.