3 Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna;molfaidh mé thú i measc na náisiún.
4 Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas,agus do dhílse chun na spéartha.
5 Éirigh in airde os cionn na bhflaitheas, a Dhia;bíodh do ghlóir os cionn an domhain uile.
6 Ionas go ndéanfaí d'aos grá a shaoradh,fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.
7 Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:“Roinnfidh mé Seicim go ríméadachagus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.
8 Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;is é Eafráim clogad mo chinn.Is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;
9 Is é Móáb mo bháisín níocháin.Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg;agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”