1 Alleluia.Gabhfaidh mé buíochas le Dia ó chroí,i gcomhdháil agus i gcomhthionól na bhfíréan.
2 Is éachtach iad oibreacha an Tiarna,inscrúdaithe do chách a charann iad.
3 Is oirirc ollásach iad a oibreacha,agus maireann a fhíréantacht go brách.
4 Tugann sé orainn cuimhneamh ar a éachtaí;is trócaireach grámhar é an Tiarna.
5 Beathaíonn sé an mhuintir ar a mbíonn a eagla;cuimhneoidh sé de shíor ar a chonradh.
6 D'fhoilsigh sé cumhacht a bheart dá phobal,nuair a thug sé dóibh oidhreacht na náisiún.
7 Is dílis agus is cóir iad a oibreacha;is daingean iad a aitheanta go léir.