2 Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh;is beannaithe clann an duine ionraic.
3 Beidh maoin is maitheas ina theaghlach;mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.
4 Bíonn ina sholas sa dorchacht don dea-dhuine;is trócaireach é, is fial, is ionraic.
5 Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid;riarann sé a ghnó go ceart onórach.
6 Ní chorrófar an fíréan choíche;mairfidh a chuimhne go brách na breithe.
7 Ní chuirfidh drochscéala eagla air;is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.
8 Is dílis daingean a chroí gan eagla;feicfidh sé a naimhde á dtreascairt.