5 Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid;riarann sé a ghnó go ceart onórach.
6 Ní chorrófar an fíréan choíche;mairfidh a chuimhne go brách na breithe.
7 Ní chuirfidh drochscéala eagla air;is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.
8 Is dílis daingean a chroí gan eagla;feicfidh sé a naimhde á dtreascairt.
9 Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair;maireann a fhéile go brách agus choíche.Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.
10 Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile.Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé;agus meathfaidh mian an urchóidigh.