1 Alleluia.Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna;molaigí ainm an Tiarna!
2 Moladh le hainm an Tiarnai láthair na huaire agus choíche!
3 Ó éirí go luí na gréine,go raibh ainm an Tiarna á mholadh!
4 Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile,agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.
5 Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia;atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde?
6 Cromann sé ó na harda anuaschun féachaint ar neamh agus ar talamh.