2 rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá,agus tharla Iosrael ina ríocht aige.
3 Chonaic an mhuir agus theith sí;agus chas an Iordáin ar ais.
4 Ghabh na sléibhte ag léimneach amhail reithí,agus na cnocáin ar nós uan óg.
5 Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú?Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais?
6 Cad fáth a léimeann sibh, a shléibhte amhail reithí,agus a chnocána, ar nós uan óg?
7 Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna;creathnaigh i láthair Dhia Iacóib,
8 a chlaochlaigh an charraig ina linn,agus an aill ina foinse uisce.