117 Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé;coimeádfaidh mé do reachtanna go deo.
118 Is beag ort a n‑imíonn ó do reachtanna;toisc gur bréagach a mbeartas.
119 Is salachar leat peacaigh uile na cruinne;is uime a charaim d'fhorálacha.
120 Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat;agus is eagal liom do reachtanna.
121 Chleachtaigh mé an ceart agus an chóir;ná tabhair suas do lucht leatroim mé.
122 Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis,sula dtreascraí na huaibhrigh mé.
123 Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh,agus i bhfírinne do bhriathair.