122 Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis,sula dtreascraí na huaibhrigh mé.
123 Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh,agus i bhfírinne do bhriathair.
124 Déan le do ghiolla de réir do bhuanghrá,agus múin dom do reachtanna.
125 Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom,ionas gurab eol dom d'fhorálacha.
126 Is mithid duit gníomhú, a Thiarna,óir sáraíodh do dhlí.
127 Ar an ábhar sin is ansa liom d'aitheanta,ná an t‑ór is mine.
128 Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile,toisc gur fuath liom gach bréagshlí.