124 Déan le do ghiolla de réir do bhuanghrá,agus múin dom do reachtanna.
125 Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom,ionas gurab eol dom d'fhorálacha.
126 Is mithid duit gníomhú, a Thiarna,óir sáraíodh do dhlí.
127 Ar an ábhar sin is ansa liom d'aitheanta,ná an t‑ór is mine.
128 Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile,toisc gur fuath liom gach bréagshlí.
129 Is iontach iad go dearfa do fhorálacha;is uime sin a choimeádaim iad.
130 Tugann foilsiú do bhriathair solas dom,agus teagasc do lucht aineolais.