129 Is iontach iad go dearfa do fhorálacha;is uime sin a choimeádaim iad.
130 Tugann foilsiú do bhriathair solas dom,agus teagasc do lucht aineolais.
131 Bíonn mo bhéal ar leathadh ag osnaíl domagus mé ag tnúth le d'aitheanta.
132 Iompaigh chugam agus taispeáin dom do thrua,mar a dhéanann tú do do chairde.
133 Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair;ná gabhadh an urchóid forlámhas orm.
134 Déan mo shaoradh ar ansmacht na ndaoine;agus coimeádfaidh mé do phroiceapta.
135 Soilsíodh solas do ghnúise ar do ghiolla;agus múin dom do reachtanna.