133 Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair;ná gabhadh an urchóid forlámhas orm.
134 Déan mo shaoradh ar ansmacht na ndaoine;agus coimeádfaidh mé do phroiceapta.
135 Soilsíodh solas do ghnúise ar do ghiolla;agus múin dom do reachtanna.
136 Chaoin mé uisce mo chinntoisc nár coimeádadh do dhlí.
137 Is fíréanta tú go deimhin, a Thiarna;agus is ceart do bhreithiúnas.
138 Chuir tú d'fhorálacha i bhfeidhm go cóiragus go daingean diongbháilte.
139 Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta,mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar.