139 Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta,mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar.
140 Tástáladh do bhriathar go dearfaagus is geal le do ghiolla é.
141 Is beag is fiú mé féin, agus is suarach;ní dhearmadaim do phroiceapta.
142 Is fíréantacht shíoraí í d'fhiréantachtsa;agus is daingean é do dhlí.
143 Tháinig anuas orm diachair agus dochraide;faighim m'aoibhneas i d'aitheantasa.
144 Is fíréanta iad d'fhorálacha go deo;tabhair teagasc dom agus mairfidh mé.
145 Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna;coimeádfaidh mé do reachtanna.