142 Is fíréantacht shíoraí í d'fhiréantachtsa;agus is daingean é do dhlí.
143 Tháinig anuas orm diachair agus dochraide;faighim m'aoibhneas i d'aitheantasa.
144 Is fíréanta iad d'fhorálacha go deo;tabhair teagasc dom agus mairfidh mé.
145 Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna;coimeádfaidh mé do reachtanna.
146 Glaoim ort; déan mé a tharrtháil;agus coinneoidh mé d'fhorálacha.
147 I moiche na maidine bím ag glaoch ort;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
148 Bím ag faire i gcaitheamh na hoíche,ag déanamh mo mharana ar do bhriathar.