152 Is fadó a d'aithin mé ar d'fhorálachagur dhaingnigh tú iad go brách.
153 Féach ar m'angar agus fuascail métoisc nár dhearmad mé do dhlí.
154 Déan mo chúis a phlé agus slánaigh mé;déan mo bheochan le do bhriathar.
155 Is fada an slánú ó na peacaigh,toisc nach cúram leo d'fhoraitheanta.
156 Is líonmhar iad do thrócairí, a Thiarna;beoigh mé de réir d'fhoraitheanta.
157 Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha;ní chlaonaim ó do phroiceapta.
158 Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé,toisc nár choimeád siad do bhriathar.