165 Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú;ní bhíonn aon cheap tuisle rompu.
166 Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna;agus comhlíonaim d'aitheanta.
167 Bíonn m'anam ag coimeád do fhorálacha;tugaim grá thar cuimse dóibh.
168 Coimeádaim do phroiceapta agus d'orduithe;bíonn mo shlite uile i d'fhianaise.
169 Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna;tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair.
170 Go dtaga mo ghuí i do láthair;fuascail mé de réir d'fhocail.
171 Go dtuga mo bhruasa moladh duit;nuair a mhúinfidh tú do reachtanna dom.