26 Mhínigh mé mo shlite, agus d'éist tú liom;múin do reachtanna dom.
27 Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt,agus déanfaidh mé machnamh ar d'iontais.
28 Bíonn m'anam ag sileadh deor le neart bróin;tabhair misneach dom le do bhriathar.
29 Coinnigh mé ó shlí na hearráide,agus tabhair dom do dhlí.
30 Rinne mé rogha de shlí na fírinne;chuir mé d'aitheanta os mo chomhair.
31 Bím ag cloí de shíor le d'fhorálacha;ná clis orm, a Thiarna.
32 Rithfidh mé ar shlí d'aitheanta;nuair a cheansóidh tú mo chroí.