32 Rithfidh mé ar shlí d'aitheanta;nuair a cheansóidh tú mo chroí.
33 Múin dom slí do reachtanna, a Thiarna;agus comhlíonfaidh mé go cruinn iad.
34 Déan mo theagasc d'fhonn do dhlí a chomhlíonadhagus a choimeád ó chroí.
35 Treoraigh mé ar chosán d'aitheanta,óir is ann atá mo thaitneamh.
36 Claon mo chroí i leith d'fhorálacha;agus ná claon chun sainte é.
37 Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas;déan mo bheochan trí do shlíse.
38 Cuir le do ghealltanas do do ghiolla;le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat.