38 Cuir le do ghealltanas do do ghiolla;le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat.
39 Coinnigh i bhfad uaim an aithis is eagal liom,óir is aoibhinn iad d'fhoraitheanta.
40 Féach, is mian liom do phroiceapta;tabhair dom an bheatha i d'fhíréantacht.
41 Go dtaga do bhuanghrá orm, a Thiarna,agus do chabhair de réir do ghealltanais.
42 Tabharfaidh mé freagra ar lucht mo cháinte;toisc gur muinín liom do bhriathar.
43 Focal na fírinne ná bain as mo bhéal;cuirim mo dhóchas i d'fhoraitheanta.
44 Agus coimeádfaidh mé do dhlí de shíor,go brách na breithe.