50 Is é mo shólás le linn mo bhuartha,gurb é do bhriathar a bheoigh mé.
51 Maslaíonn lucht an díomais mé go díocasach:ach ní chlaonaim ó do dhlí.
52 Cuimhním ar do bhreitheanna ársa, a Thiarna;agus tugann siad sólás dom.
53 Gabhann fearg mé de bharr na bpeacacha bhíonn ag tréigean do dhlí.
54 Bíonn do reachtanna ina n‑amhrán agam,in áit mo dheoraíochta.
55 Cuimhním ar d'ainm de shiúl oíche, a Thiarna;agus coimeádaim do dhlí.
56 Is amhlaidh a chuirfidh sé seo le mo chlú,gur choinnigh mé do phroiceapta.