57 Dúirt mé, a Thiarna, gurb í mo chuiddo bhriathra a choimeád.
58 Guím thú ó mo chroí go hiomlán:déan trócaire orm de réir mar gheall tú.
59 Rinne mé mo shlite a mheas,agus d'fhill mé ar d'fhorálacha.
60 Bhrostaigh mé is ní dhearna mé moill,chun d'aitheanta a chomhlíonadh.
61 Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé;níor dhearmad mé do dhlí.
62 Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh,mar gheall ar d'fhoraitheanta córa.
63 Is cara mé do chách ar a mbíonn do eagla,agus a choimeádann do phroiceapta.