61 Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé;níor dhearmad mé do dhlí.
62 Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh,mar gheall ar d'fhoraitheanta córa.
63 Is cara mé do chách ar a mbíonn do eagla,agus a choimeádann do phroiceapta.
64 Tá an talamh lán de do bhuanghrá, a Thiarna;múin dom do reachtanna.
65 Chaith tú go maith le do ghiolla, a Thiarna,de réir do bhriathair.
66 Múin dom eagna agus eolas;tá mo dhóchas i d'aitheanta.
67 Sular crádh mé chuaigh mé ar seachrán;ach anois coimeádaim do bhriathar.