66 Múin dom eagna agus eolas;tá mo dhóchas i d'aitheanta.
67 Sular crádh mé chuaigh mé ar seachrán;ach anois coimeádaim do bhriathar.
68 Is maith tú, is fial tú agus is flaithiúil;múin dom do reachtanna.
69 Beartaíonn na díomasaigh cealg i mo choinne;ach comhlíonaimse do phroiceapta.
70 Ramhraigh a gcroí ar nós blonaige;faighimse mo thaitneamh i do dhílseacht.
71 Is méanar dom go raibh mé do mo chrá;ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna.
72 Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilsená na mílte d'ór agus d'airgead.