71 Is méanar dom go raibh mé do mo chrá;ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna.
72 Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilsená na mílte d'ór agus d'airgead.
73 Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé;múin dom d'aitheanta a fhoghlaim.
74 Feicfidh d'aos eagla agus gairdeoidh siad,toisc gur muinín liom do bhriathar.
75 Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d'fhoraitheanta;agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé.
76 Bíodh do bhuanghrá ina ábhar sóláis dom,mar a gheall tú do do ghiolla.
77 Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé,óir is aoibhinn liom do dhlí.