79 Go n‑iompaítear chugam an dream lenarb eagal tú,a thugann aire do d'fhorálacha.
80 Go raibh mo chroí go foirfe i do reachtanna,ionas nach bhfaighinn mo náiriú.
81 Bíonn m'anam ag tnúth le do shlánú;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
82 Meathann mo shúile le dúil i do ghealltanas;cathain a tabharfaidh tú sólás dom?
83 Cé gur cosúil mé le buidéal leathair sa deatach,níor dhearmad mé do reachtanna.
84 Cá líon laethanta do ghiolla?Cathain a chiontóidh tú mo ghéarleantóirí?
85 Thochail na huaibhrigh claiseanna dom,in aghaidh do dhlí.