89 Maireann do bhriathar go brách, a Thiarna,chomh daingean le neamh.
90 Maireann d'fhírinne go dtí an uile ghlúin,mar an talamh a bhunaigh tú.
91 Maireann siad go buan de réir do reachtanna;fónann gach aon ní duit.
92 Murach gurb aoibhinn liom do dhlí,gheobhainn bás i m'ainnise.
93 Go deo ní dhéanfaidh mé dearmad ar do phroiceapta,óir is leo a thug tú beatha dom.
94 Is leat mé; déan mé a tharrtháil,toisc go lorgaim do phroiceapta.
95 Tá na peacaigh ag fanacht liom d'fhonn mo mhillte;ach tugaim d'fhorálacha do m'aire.