94 Is leat mé; déan mé a tharrtháil,toisc go lorgaim do phroiceapta.
95 Tá na peacaigh ag fanacht liom d'fhonn mo mhillte;ach tugaim d'fhorálacha do m'aire.
96 Is eol dom go bhfuil críoch le gach foirfeacht;ach gur fada fairsing í d'aithne.
97 A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna;is ábhar machnaimh dom de shíor é.
98 Rinne d'aithne níos críonna ná m'eascairde mé;óir bíonn sí in éineacht liom de shíor.
99 Is críonna mé ná lucht mo mhúinte go léir,toisc go machnaím ar d'fhorálacha.
100 Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí;óir comhlíonaim do phroiceapta.