97 A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna;is ábhar machnaimh dom de shíor é.
98 Rinne d'aithne níos críonna ná m'eascairde mé;óir bíonn sí in éineacht liom de shíor.
99 Is críonna mé ná lucht mo mhúinte go léir,toisc go machnaím ar d'fhorálacha.
100 Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí;óir comhlíonaim do phroiceapta.
101 Tugaim ar mo chosa gach drochshlí a sheachaint,d'fhonn do bhriathra a choimeád.
102 Ní chlaonaim i leataobh ó d'fhoraitheanta;ós tú a mhúin mé.
103 Is milse do bhriathra le mo charball;ná mil le mo bhéal.