2 Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh,a rinne neamh agus talamh.
3 Nár lige sé duit tuisliú go deo;nár dhéana do gharda codladh.
4 Féach! ní thitfidh sámhchodladh ná suanar gharda Iosrael.
5 Is é an Tiarna do gharda is do dhídean,agus é ar do dheis.
6 Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae,ná an ré istoíche.
7 Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú;coimeádfaidh sé d'anam.
8 Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit,anois agus choíche.