2 Ar shaileoga na tíre sinchrochamar ár gcruiteanna.
3 Óir an drong a rinne bránna dínn,d'iarr siad amhráin orainn,agus an drong a bhíodh dár gciapadh,d'iarr siad lúcháir orainn:“Scaoiligí chugainn,” a deiridís,“amhrán d'amhráin Shíón.”
4 Conas a chanfaimis amhrán an Tiarnai dtír na gcoimhthíoch?
5 Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim,go gcrapa mo dheaslámh!
6 Go gceanglaí mo theanga de mo charball,mura gcuimhním ort,mura gcuire mé Iarúsailéimmar bharr m'aoibhnis uile.
7 Cuimhnigh, a Thiarna,in aghaidh chlann Eadóm,lá treascartha Iarúsailéim,nuair a dúirt siad:“Scriosaigí í, scriosaigí í;leagaigí go talamh í.”
8 A iníon na Bablóine,nach tú an scriosaire!Is méanar don té a dhíolfaidh leatsana dochair a d'imir tú orainne -