2 agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa.Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse,a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].
3 D'éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort;agus chuir tú le neart m'anama.
4 Molfaidh ríthe uile na cruinne thú, a Thiarna,nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.
5 Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna:“Nach éachtach í glóir an Tiarna!”
6 Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t‑íseal;ach breathnaíonn sé an t‑uaibhreach i bhfad uaidh.
7 Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide,tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m'eascairde.Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh;agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.
8 Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom.Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna;ná caith dímheas ar shaothar do lámh.