3 ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí,a mbíonn aighneas á mhúscailt de shíor acu.
4 Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair;agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola.
5 Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna;cosain mé ar fhear an fhoréigin;is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
6 Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham;leath siad líon agus téada romham;chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah
7 Deirim leis an Tiarna: “Mo Dhia thú!”Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí.
8 A Thiarna Dia, is tú mo chabhair chumhachtach;cumhdaíonn tú mo cheann lá an chatha.
9 Ná géill, a Thiarna, do mhianta na n‑urchóideach;nár éirí lena mírúin mhailíseacha. Selah