3 Óir chuaigh an namhaid sa tóir orm;threascair sé m'anam go huir;thug sé orm fanacht sa dorchachtar nós daoine atá marbh le fada.
4 Dá bhrí sin tháinig meath ar mo mheanma;agus chalcaigh mo chroí istigh ionam.
5 Is cuimhin liom na laethanta fadó;déanaim machnamh ar d'oibreacha go léir.Bím ag smaoineamh ar shaothar do lámh
6 agus sínim mo sciatháin amach chugat;mar thalamh spalptha bíonn m'anam ag tnúth leat.
7 Éist liom gan mhoill, a Thiarna,óir tá mo mheanma á cloí.Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm,sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.
8 Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin,óir is ionat a chuirim mo dhóchas.Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam,óir is chugatsa a thógaim m'anam.
9 Fuascail mé ó m'eascairde, a Thiarna;óir chuir mé mé féin faoi do choimirce.