2 Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo;molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé.
3 Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha,ná sa duine trí nach dtagann slánú.
4 Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chréagus téann a bhearta ar ceal an uair sin.
5 Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib;a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,
6 an té a rinne neamh agus talamh,an fharraige, agus gach a bhfuil iontu.An té a sheasann lena bhriathar de shíor;
7 agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois.Is é a thugann bia don ocrach.Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.
8 Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan;