3 Molaidís a ainm le rince;déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.
4 Óir tugann an Tiarna taitneamh dá phobal;tugann sé an bua do lucht na huirísle.
5 Bíodh gairdeas ina nglóir ag na fíréin;canaidís le lúcháir ina leapacha.
6 Bíodh mórmholtaí Dé ina mbéal acu;agus claíomh an dá fhaobhar ina láimh.
7 D'fhonn díoltas a agairt ar na ciníocha,agus diansmacht a chur ar na náisiúin,
8 D'fhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha,agus a n‑uaisle i ngeimhleacha iarainn,
9 D'fhonn breithiúnas a chur i bhfeidhm mar a ceapadh dóibh;is í an ghlóir seo atá i ndán dá naoimh uile.