1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2 Fógraíonn na spéartha glóir Déagus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh.
3 Insíonn na laethanta an scéal dá chéileagus tugann na hoícheannta an t‑eolas dá chéile.
4 Ní chluintear caint ná canúint ná briathar
5 cé go ngabhann a nglór i ngach uile thíragus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne.Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian
6 a thagann mar nuachar amach as a sheomraag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha.
7 Tá a thriall amach as teorainn na spéireagus a iomchuairt thart chun na teorann eile,agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.