4 Ní chluintear caint ná canúint ná briathar
5 cé go ngabhann a nglór i ngach uile thíragus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne.Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian
6 a thagann mar nuachar amach as a sheomraag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha.
7 Tá a thriall amach as teorainn na spéireagus a iomchuairt thart chun na teorann eile,agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.
8 Tá dlí an Tiarna gan cháim:athbheonn sé an t‑anam.Is iontaofa í fianaise an Tiarna,a thugann eagna don fhíréan.
9 Is díreach iad forálacha an Tiarna:cuirid áthas ar an gcroí;is glan í aithne an Tiarna,soilsíonn sí na súile.
10 Is íon í eagla an Tiarna,maireann sí go deo;is fíor iad reachtanna an Tiarna,táid uile go cóir.