7 Ná cuimhnigh ar chionta m'óige 7b ach amháin ar do bhuanghrá féin. 7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.
8 Is grásmhar agus is ionraic é an Tiarna,taispeánann sé an tslí do na peacaigh.
9 Díríonn sé dream na huirísle san fhíréantachtagus múineann a shlí don duine cneasta.
10 Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarnadá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne.
11 Ar mhaithe le d'ainmse, a Thiarna,maith dom mo pheaca, óir is mór é.
12 Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna?Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.
13 Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonasagus gheobhaidh a shliocht an talamh.