1 Le Dáiví. 1 Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú,cé a chuirfidh eagla orm?Is é an Tiarna daingean m'anama;cé a chuirfidh ar crith mé?
2 Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúmd'fhonn mo chlú a mhilleadh,is iad m'eascairde a thiteann ar lár;baintear tuisle as mo naimhde.
3 Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinnení bheidh eagla ar mo chroí.Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh ormbeidh dóchas agam ann.
4 Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna;bím ag tnúth leis de shíor:go gcónóidh mé in áras an Tiarnagach lá de mo shaol;go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna‘s go bhfeicfidh mé a theampall.