6 Ardófar mo cheann ar ballthar mo naimhde i mo thimpeall,go n‑ofrálfaidh mé ina bhothsan istighíobairt an áthais.Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna.
7 Éist, a Thiarna, le mo ghlór nuair a ghlaoim ort,freagair, agus fóir orm.
8 Dúirt mo chroí i do thaobhsa:“Bí ag lorg a ghnúise.”Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna,
9 ná folaigh d'aghaidh orm.Ná cuir do ghiolla uait i bhfeirg;is tú mo chúnamh.Ná teilg uait mé is ná tréig mé:a Dhia mo shlánaithe!
10 Má thréigeann fiú m'athair is mo mháthair mé,glacfaidh an Tiarna liom.
11 Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna,cuir sa bhóthar réidh mé,d'ainneoin mo naimhde;
12 agus ná tabhair suas mé a Dhia,do thoil m'eascairde.D'éirigh finnéithe falsa i m'éadan,agus lucht an fhoréigin.