3 Ná sciob mé i bhfochair na bpeacachi bhfarradh na n‑urchóideacha labhraíonn go cneasta lena gcomharsanaagus an t‑olc ina gcroí.
4 Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomharthaagus mioscais a n‑ainbheart.Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh:déan an comhar a dhíol leo.
5 Óir is beag acu gníomhartha an Tiarnaagus saothar a lámh.Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad.
6 Moladh leis an Tiarna toisc gur éist séle glór mo ghuí.
7 Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath:tá dóchas mo chroí ann.Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroíagus canaim amhrán dó.
8 Is é an Tiarna neart a phobail,is é dídean shábháilte a ungthaigh é.
9 Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do d'oidhreacht,á gcothú agus á n‑iompar go brách.