1 Salm le Dáiví 1 Tugaigí don Tiarna, a chlann mhac Dé,tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht!
2 Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm;tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa.
3 Tá glór an Tiarna ar an uisce,tá Dia na glóire ag toirneach,tá an Tiarna os cionn na n‑uiscí móra.
4 Tá glór an Tiarna go cumasach,tá glór an Tiarna go maorga.