5 A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó,gabhaigí buíochas lena ainm naofa.
6 Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire;ach maireann a chineáltas ó aois go bás.Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.
7 Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne:“Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”
8 Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé,ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.
9 Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé,chun Dé a chuir mé m'achainí.“Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
10 An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?”
11 Éist, a Thiarna, go trócaireach;tar, a Thiarna, i gcabhair orm.