7 Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne:“Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”
8 Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé,ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.
9 Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé,chun Dé a chuir mé m'achainí.“Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
10 An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?”
11 Éist, a Thiarna, go trócaireach;tar, a Thiarna, i gcabhair orm.
12 Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna;bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
13 i dtreo go seinnfidh m'anam do mholtaí gan staonadh.A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú.