1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2 Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn;nár dhéantar mo náiriú go brách.Saor mé de réir d'fhíréantachta,
3 éist liom agus brostaigh chun m'fhuascailte!Bí i do charraig choimirce dom:i do dhaingean do mo chosaint is do mo tharrtháil.
4 Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal;seol mé agus treoraigh mé as ucht d'ainm.
5 Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham,óir is tú mo dhídean, a Thiarna.
6 Do do láimhse a thiomnaím m'anam,óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.