12 Rinne ábhar aithise díomdo mo naimhde go léir.Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé:is cúis uamhain mé do mo chairde.An dream a chastar sa tsráid orm,teitheann siad uaim.
13 Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de,nó le soitheach a briseadh.
14 Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán,agus imeagla i mo thimpeall.Cograíonn siad lena chéile i m'aghaidh:beartaíonn siad mo bhás.
15 Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna,deirim: “Is tú mo Dhia.”
16 Tá m'anam ag brath ort, saor méón namhaid is ó chách ar mo thóir.
17 Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla;tabhair slán mé i do ghrá.
18 Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort;go gcuirtear náire ar na hurchóidigh.Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;