15 Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna,deirim: “Is tú mo Dhia.”
16 Tá m'anam ag brath ort, saor méón namhaid is ó chách ar mo thóir.
17 Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla;tabhair slán mé i do ghrá.
18 Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort;go gcuirtear náire ar na hurchóidigh.Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;
19 go mbalbhaítear a mbéal bréagach,a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalachle teann uabhair is tarcaisne.
20 Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agatdon dream lenarb eagal tú,a thugann tú don mhuintir a thriallann orti bhfianaise na hÁdhamchlainne.
21 Folaíonn tú iad i do láthairseó chúlghearradh daoine.Coimeádann tú slán i do bhoth iadó chlampar teangacha.